Audio Poetry

Teacht Slán by Joanne McCarthy

Listen to poetry
Bookmark

No account yet? Register

Click the icon below to start listening to the poem!

Teacht Slán

Beireann crogaill uibheacha, UIBHEACHA!
a scairteann amach an leaid is óige,
a mhalaí chomh ardaithe
nach féidir liom focal a rá dó
faoi Steigí an dineasár ag geonaíl
go deo sa seomra breagáin


nó an tslí nach mactíre aonarach í an ghealach,
go bhfuil deirfúireacha aici ar fud na réaltraí,
col ceathracha ina réaltbhuíonta
col seisreacha ina dreigíte


Conas go insoed dó faoin Chicxulub Impactor,
an coilíneach sin, ar mharaigh muintir Steigí uilig?

Conas go dtagann said amach slán as an mblaosc a mham?
Le fiacla beaga géara a fhreagraím.
Agus.
Raghaimid lá go Meicsiceo, tá poll sa talamh ann.
Chaithfinn é a thaispeáint duit.